Iarratas ar Shaothair Ghaeilge

Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil Channel ag glacadh le saothar trí Ghaeilge don ochtú eagrán, faoi cheannasaíocht Aisling Ní Choibheanaigh Nic Eoin, agus le maoiniú ón gCiste Tionscadal, Foras na Gaeilge.

Is féidir leat do chuid oibre a chur isteach roimh an sprioc-dháta, ag meán oíche (Am Caighdeánach Éireannach) ar an 11 Meitheamh 2023, le deis eile do shaothair a chur isteach don naoú eagrán níos déanaí sa samhradh. 

Beidh an obair lena nglactar foilsithe i struchtúr dátheangach, trí Ghaeilge, agus le aistriúchán Béarla curtha ar fáil ag an t-Eagarthóir Gaeilge, le cead an údair, roimh fhoilsitheoireacht. 

Is cuid thábhachtach d’éiteas Channel le fada é an nasc doshéanta idir teanga, cultúr agus timpeallacht a fhiosrú. Téimid i dtreo na forbartha seo le lánmhuinín againn as an cumas atá ag foilsitheoireacht ilteangach léargas nua a spreagadh ionainn, ionas go dtiocfaidh méadú ar ár gruinneshamhail, agus ar an dtuiscint atá againn ar an domhan roinnte seo. Is céim ollmhór chun cinn atá ann a bheith ábalta obair a fhoilsiú i dteanga náisiúnta na hÉireann, agus táimid ar bís ár gcaidreamh len obair seo a láidriú sna míonna atá le teacht.

Céard a fhoilsímid
Ag Channel, foilsímid obair nua, neamhfhoilsithe, a bhaineann leis an dúlra, imní an chomhshaoil agus smaoineamh éiceolaíochta. Tá suim ar leith againn in obair a chothaíonn staidéar ar an gceangal idir dhaoine agus plandaí nó ainmhithe, an tírdhreach agus an fhéiniúlacht. Mar chuid de gach eagrán, tá meascán filíochta agus próis ar fáil, chomh maith le rogha aistí; san áireamh, aistí cruthaitheacha neamhfhicsean, léirmheastóireacht agus tuairisceoireachta. Fáiltimid roimh shaothair ó áit ar bith ar fud na hÉireann, agus ó Ghaeilgeoirí atá thar lear. Tá fáilte roimh astriúcháin Gaeilge freisin. Dá mba rud é go bhfuil tuilleadh eolais á lorg agat ar an saghas oibre a fhoilsíonn muid, is féidir leat an t-eagrán is déanaí a léamh anseo.

Creidimid gur cheart d’obair chruthaitheach a bheith chomh fada nó chomh gearr mar is cóir, agus de bharr seo, níl líon focal againn i gcomhair do chuid oibre. Níl ach spás teoranta ag Channel, áfach, agus de bharr seo, de gnáth bímid ag foilsiú saothair nach bhfuil níos mó ná 6000 focal. 

Glactar le aistí amháin ag am ar bith, beag beann ar na dataí atá tugtha le haghaidh oibre eile, agus féadfar do shaothar a fhoilsiú i bprionta, nó ar líne, ar blag Channel. Beidh aistí i nGaeilge agus i mBéarla araon atá faighte tar éis an 23 Bealtaine léite len naoú eagrán, nó foilsitheoireacht ar líne, ar intinn.

Conas do chuid oibre a chur isteach
Le do thoil, seol suas le dhá ghearrscéal, dhá aiste agus/nó ceithre dhán mar cheangaltán ríomhphoist go dtí na seoltaí thíos. Cé gur féidir leat tú féin a chur in aithne, agus nóta breathaisnéise a chur san áireamh, ní gá duit. Beidh gach píosa léite go neamhchlaonta, agus molaimid do scríbhneoirí nua, agus daoine ó ghrupaí faoi ghannionadaíocht i bhfoilsitheoireacht na hÉireann ach go háirithe, a gcuid oibre a chur isteach. Léifidh an t-Eagarthóir Gaeilge gach píosa, agus socróidh sí liosta saothar i gcomhar leis an bhfoireann eagarthóireactha. 

Aistí/Essays – essay@channelmag.org
Gearrscéalta/Short stories – fiction@channelmag.org
Filíocht/Poetry – poetry@channelmag.org

Íocaíocht agus cearta
Creidimid in obair íochta, agus táimid ag deanamh ár ndícheall an íocaíocht seo a mhéadú. Faoi láthair, is féidir linn €50 a thabhairt go scríobhneoirí le haghaidh dán, agus €50 le haghaidh gach leathnach prós, suas go €150 ar a mhéad.

Nuair a ghlactar le píosa, ceanaíonn Channel cearta an chéad fhoiseacháin. Fanann gach ceart eile leatsa, agus tá fáilte ort do chuid oibre a athfhoilsigh tar éis seoladh an eagráin sin. Bheimis buíoch díot má luann tú Channel mar áit an chéad fhoilsithe.

Ráiteas ón Eagarthóir Gaeilge, Aisling Ní Choibheanaigh Nic Eoin:
A chairde. Is céim ollmhór chun cinn í go bhfuil iris cosúil le Channel ag glacadh le obair Gaeilge, agus is céim nár shamlaigh mé riamh i gcomhair ár dteanga nuair a bhí mé níos óige. Nuair a bhreathnaímid thart ar an domhan faoi láthair, feicimid go bhfuil an timpeallacht ag dul in olcas, tá na milliúin ruaigthe as a gcuid tithe, agus tá fadhbanna geolpholaitíochta ag éirí níos measa. Ach i lár na ndrochscéalta, aithníonn muid dearfacht fós. Tá sí le feiceáil i dtionscadal na athbheochana atá Eoghan Daltun ag mhaoirsiú ar a thalamh féin. Cuardaíonn muid an dearfacht chéanna sin in imeachtaí cultúrtha, in ealaín agus sa cheol. Agus taobh thiar de na heachtraí seo, tá ár dteanga ag fás i bpobail timpeall an oileáin seo, í féin tar éis di teacht slán as dúshláin gan áireamh.

Is é an tasc atá romhainn anois, ná an ceangal idir an dúlra agus an Ghaeilge a athchruthú i gcomhshamhlaíocht na tíre. Tá orainn an teanga a nascadh leis an timpeallacht arís, i mbealach a chabhróidh linn an dá rud a chosaint. Caithfimid filleadh ar ár logainmneacha, ar ár dtearmaí éiceolaíochta (le go leor acu bailithe go dícheallach ag Manchán Magan cheana féin) agus staidéar a dhéanamh ar na sean-mhodhanna maireachtála, agus ar an ceangal atá acu lenár saolta reatha. 

Faoi dheireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Cassia agus Elizabeth, don deis seo, agus ar son spás a chruthú ina mbrúitear teorainneacha na litríochta comhshaoil i gconaí. Is mór an onóir dom a bheith mar chuid de, fiú mar chuid bheag.

Call for Irish Language Submissions


The
Channel team are delighted to welcome submissions in the Irish language for Issue 8, under the creative leadership of our new Irish Language Editor, Aisling Ní Choibheanaigh Nic Eoin, and with financial support from the Foras na Gaeilge Projects Fund 2023.

Submissions in Irish for Issue 8 are open until midnight (Irish Standard Time) on 11 June 2023, with submissions in both Irish and English to reopen for Issue 9 later in the summer.

Work accepted for publication will be published bilingually, in the original Irish with an accompanying English translation by our Irish Language Editor, which will be approved by each piece’s author before publication.

Engagement with the inextricable links between language, culture and the natural world has long been part of Channel’s ethos. We approach this expansion of our work into Irish with a firm belief in the potential of multilingual publishing to facilitate shifts in perspective and to broaden the lens through which each of us views and participates in our shared world. The ability to publish work in Ireland’s native language represents to us a major step forward in Channel’s development, and we cannot wait to deepen our relationship with this work in the months ahead.

What We Publish
We publish new, previously unpublished work that engages with the natural world, environmental concerns and ecological thought. We have a particular interest in work which encourages reflection on human interaction with plant and animal life, landscape and the self. Each issue includes a mix of poetry and fiction, alongside a selection of essays which may include creative non-fiction, criticism and reportage. We welcome submissions both from across the island of Ireland and from Irish speakers abroad. Submissions in Irish translation are also welcomed under this call. For a deeper look into what we publish, we encourage you to read our current issue.

We believe that creative work should be free to occupy the space its development requires, and so do not place a strict limit on word count. Taking into account the limited space within Channel’s pages, however, we are most likely to be able to offer a home for pieces of up to 6000 words.

Essay submissions exclusively are accepted on a rolling basis, regardless of the dates of our submissions windows, and may be published either in print or online on the Channel blog. Essays in both Irish and English received after 23 May will be considered for Issue 9 or for online publication.

How to Submit
Please send up to two short stories, two essays and/or four poems as email attachments to the addresses below. Although you are welcome to introduce yourself and to include biographical information within the body of your email, this is not a requirement. All submissions will be given equal consideration, and submissions by new writers, as well as by writers from backgrounds or communities currently underrepresented in Irish publishing, are particularly encouraged.

All submissions will be read by our Irish Language Editor, who will decide on a lineup of work for publication in consultation with our wider editorial team.

Essays – essay@channelmag.org
Short stories – fiction@channelmag.org
Poetry – poetry@channelmag.org

Payment & Rights
We believe in paying writers, and are working to increase the fees paid to our contributors. At this time we can offer a fee of €50 per poem and €50 per page of prose, up to a total maximum fee of €150 per piece.

When a piece is accepted for publication, Channel buys first publication rights. All other rights remain with you and you are welcome to republish your work following the launch of the issue in which it appears. We would be grateful if you mention Channel as the place of first publication.

A statement from our Irish Language Editor, Aisling Ní Choibheanaigh Nic Eoin:
A chairde. For a journal such as Channel to be welcoming Irish-language work into its pages marks a step forward that my younger self never could have envisioned for our language. As we look around at the world as it is, we see an environment that is growing increasingly damaged, millions of people displaced from their homes and worsening geopolitical tensions. However, nestled within this bad news, we find positivity still. We see it in the regeneration project that Eoghan Daltun is overseeing on his own land. We look for that same positivity in culture, art, music. And underpinning all these moments, is a language that has survived countless challenges, and which continues to grow in communities around this island.

The task we face now is to reconstruct the link between the natural world and the Irish language in our collective consciousness. We must tie the language to the environment once more, in a way that can help us to preserve both. We must return to our placenames, to our own ecological terminology (much of which Manchán Magan has diligently gathered), and acknowledge the links that older ways of living have with our current existence. 

I would like to conclude by thanking Cassia and Elizabeth for this opportunity, and for creating a space which is constantly pushing the boundaries of environmental literature. I am honoured to be a part of it, in some small way.